Print Print this Page

De Bhaldraithe, Tomas:



Rugadh i mBaile na Cora, Co. Luimnigh e i 1916. Ba as an Aonach da athair Padraig; ba as Ma Mhin, Co. an Chlair da mhathair. D’fhreastail se ar Cholaiste Belvedere i mBaile Atha Cliath agus ar Cholaiste na hOllscoile, BAC, ait ar bhain se ceim B. A. amach sa Ghaeilge agus sa Fhraincis, M.A. sa Ghaeilge agus Ph.D sa Ghaeilge. Rinne se staidear chomh maith i Scoil an Leinn Cheiltigh, Institiuid Ard-Leinn Bhaile Atha Cliath agus in Ecole Pratique des Hautes Etudes, Ollscoil Pharas. Rinneadh Ollamh le Nua-Ghaeilge de i gColaiste na hOllscoile BAC i 1960 agus Ollamh le Canuineolaiocht na Nua-Ghaeile i 1978.

Is beag duine eile a raibh an oiread sin tionchair aige ar stair na Gaeilge sa treimhse ata faoi chaibidil anseo. Mar chanuineolai bhain se gradam amach don Ghaeilge labhartha mar abhar staideir. Mar fhocloiri bhi an-bhaint aige le cur chun cinn tearmai nua-aimseartha agus buanu an chaighdeain oifigiuil, go hairthe trid an English-Irish Dictionary (BAC: Oifig an tSolathair, 1959) a raibh se mar eagarthoir air. Mar scribhneoir acaduil leirigh se dilseacht don Ghaeilge mar mhean cumarsaide inarbh fheidir taighde nua a nochtadh ar bhealach ealaionta. Chuaigh cuid mhaith da shaothar acaduil i gcion ar an bpobal mor agus is fior sin go hairithe faoi Seanchas Thomais Laighleis (BAC: An Clochomhar, 1977), a rogha fein de na scealta a bhailigh se on gcainteoir duchais seo. Chuir se eagar ar an diolaim Nuascealaiocht (BAC: Sairseal & Dill, 1952) agus ar shaothar de chuid Phadraic Ui Chonaire: Scothscealta (BAC: Sairseal & Dill, 1956) agus Seacht mbua an Eiri Amach (BAC: Sairseal & Dill, 1967) agus ar shaothar critic ear an scribhneoir ceanna:Padraig O Conaire: cloche ar a charn (BAC: An Clochomhar, 1982). Nil se i gceist cur sios ar shaothar acaduil Thomais anseo oir ta leabharliosta cuimsitheach le fail in Feilscribhinn Thomais de Bhaldraithe (BAC: Coiste Fheilscribhinn Th. de. Bh., 1986) a chuir Seosamh Watson in eagar.