Print Print this Page

Mac Eoin, Mairin Nic Eoin



Rugadh i i gcathair Luimnigh  i 1958. Ta conai uirthi i mBaile Atha Cliath o 1965 i Leith. D’fhreastail si ar Chnoc Sion, an Charraig Dhubh, agus ar Cholaiste na hOllscoile, Baile Atha Cliath. Rinne Mairin ceim sa Ghaeilge agus sa Tireolaiocht, Ard-Teastas san Oideachas agus ceim M.A. sa Nua-Ghaeilge. Ta si ag obair ar Ph.D faoi lathair sa cholaiste ceanna. Bhi si ag muineadh Gaeilge agus tireolaiochta i Scoil Phobail Bhaile an tSaoir i 1980-1981 ach o shin i leith ta si ina leachtoir le Gaeilge i gColaiste Phadraig, Droim Conrach. Bhi Mairin ar dhuine de bhunaitheoiri Raidio na Life agus ta si ar choiste bainistiochta an staisuin go foill. D’fhoilsigh an Clochomhar i mBaile Atha Cliath tri shaothar critice lei go dti seo: An litriocht reigiunach (1982); eagran d’aisti Eoghain Ui Thuairisc faoin teideal Religio poetae agus aisti eile (1987) ; agus an morshaothar beathaisneise Eoghan O Tuairisc: beatha agus saothar (1988). Chomh maith leis sin ta ailt chritice scriofa aici ar ghneithe eagsula de litriocht na Gaeilge in Comhar, Graph, Leachtai Cholm Cille: Irisleabhar Mha Nuad agus araile.