Print Print this Page

O’Floinn, Criostoir



Rugadh e i gcathair Luimnigh  i 1927. Bhi se ag obair ar feadh na mblianta mar mhuinteoir agus mar iriseoir agus chaith se treimhse i Sasana ag dul do phoist eagsula. Scriobhan se sa Ghaeilge agus sa Bhearla. Trid is trid, tag ach seans an gurb e an scribhneoir Gaeilge is ildanai o thaobh foirme de mar is iomai saghas scribhneoireachta tarraingte chuige ag amanna eagsula agus chruthaigh se thar barr i ngach aon cheann acu: drama, an t-ursceal, an fhiliocht, leabhair do leanai. Ni raibh se sasta aontu le moltai airithe a rinne foilsitheoir danta da chuid – duirt se go raibh cinsireacht a himirt air – agus ar deireadh ba e Sairseal & Dill a d’fhoilsigh an cnuasach filiochta O fhas go haois i 1969. Is leir gur ghoill an raic phoibli seo go mor air agus chuir se sios ar an aighneas i reamhra an leabhair. Bhuaigh se Duais Thaibhdhearc na Gaillimhe leis an drama Cota ban Chriost (BAC: Sairseal & Dill, 1968). Ar a dhramai eile is feidir Aggiornamento (BAC: Oifig an tSolathair, 1969); Mise Raifteiri an file (BAC: Sairseal & Dill, 1974); Cluichi cleamhnais (BAC: Oifig an tSolathair, 1978) a lua, mar shampla. Leabhar prois is ea Oineachlann (BAC: Oifig an tSolathair, 1968) a bhfuil idir threithe an ursceil agus an ghearrsceil ag roinnt leis. Faigheann an leitheoir braistint da dhearcadh ar an saol sna cnuasaigh d’aisti tuairimiochta Cead cainte (BAC: Foilseachain Naisiunta Teoranta, 1969) agus An poc ar buile (BAC: Foilseachain Abhair Spioradalta, 1993).

Nil luaite anseo ach dornan samplai da iarrachtai i reimsi eagsula den scribhneoireacht chruthaitheach.