|
Rugadh e i gCill Mhuire, Fionach, Co. Luimnigh i 1943. Casadh a thuismitheoiri ar a cheile thall i Meiricea agus iad ar imirce ann. Ba as Fionach da athair, David, agus as na Foidhri, Co. Chiarrai da mhathair, Hannah. Posadh iad i 1936 in Eirinn.
Ar Mheanscoil Mhuire, Drom Collachair, Co. Luimnigh (1957-1960) agus i Scoil Chonaithe De La Salle i bPort Lairge (1960-1962) a fuair se a chuid meanoideachais. D’fhreastal se ar Cholaiste na hOllscoile, Corcaigh idir na blianta 1962-1966 agus bhain se ceim BA amach sa Ghaeilge agus sa Stair, chomh maith leis an Ard-Teastas san Oideachais. Is i mBaile Atha Cliath a bhi se lonnaithe sna blianta 1966-1969 ag iriseoireacht do Inniu agus do RTE. Ar Ollscoil Harvard Mheiricea a bhi se i 1969. Luann se R. A. Breathnach, Sean A. O’ Murchu (An tOll. John A. Murphy mar is fearr aithne air anois) agus Noam Chomsky ina measc siud a chuaigh i gcion air agus e i mbun staideir.
Thosaigh se ag obair i 1966 mar iriseoir leis an bpaipear Gaeilge Inniu. An bhliain ina dhiadh sin, bhi se ar fhoireann nuachta RTE agus ina leiritheoir cursai reatha go dti 1969. Idir 1970 agus 1972 d’oibrigh se mar Oifigeach Eolais le Gaeltarra Eireann agus ina dhiadh sin mar Bhainisteoir Poibliochta le Failte an Iarthair Teo. i nGaillimh go dti 1974. Ceapadh ar fhoireann teagaisc Cheardcholaiste Reigiunda na Gaillimhe e i 1974 agus Gaeilge, Cumarsaid, Leann Eorpach/Nua –Stair faoina churam aige. Is ann ata se o shin i Leith. Ainmniodh e mar bhall de Chomhairle Theilifis na Gaeilge i 1994.
Ce go bhfuil roinnt gearrscealta agus cupla dan foilsithe aige, is le scribhheoireacht fhaisneise no thuarascalach is mo a bhfuil an lui aige. Le fada an la ba e an t-aon mhorshaothroir sa reimse thabhachtach seo den scribhneoireacht. Ta foirm na beathaisneise saothraithe go maith aige le Gandhi (BAC: Clo Morainn, 1969); John Boyle O’Reilly (BAC: FNT, 1976); Eamann Iognaid Ris (BAC: FNT, 1977); agus Richard J. Daley: Meara Chicago (BAC: FNT, 1979).
Airitear an leabhar deireanach sin ar cheann de na beathaisneisi comhaimseartha is fearr sa Ghaeilge. Ar na leabhair eile ata scriofa aige ta Guth an phobail (BAC: FNT, 1984); Riocht roinnte (BAC: FNT, 1985); Eire agus polaitiocht na hEorpa (BAC: FNT, 1986); Margail na saoirse (BAC: FNT, 1988); An chead Dail Eireann (1919-1921) (BAC: Coisceim, 1989); agus An Ghaeltacht oifigiul agus 1992 (BAC: Coisceim, 1990). Le blianta anuas, deanann se trachtaireacht mhinic ar thionchar pholasaithe na hEorpa ar an tir seo. Bhuaigh roinnt aisti da chuid duaiseanna san Oireachtas thar na blianta agus ghnothaigh se Duais an Bhuitlearaigh on Institiuid Chulturtha Gael-Mheiriceanach i 1982.
|