|
Rugadh Micheal O hAirtneide (no Michael Hartnett mar a thugtar air nuair a scriobhann se sa Bhearla) sa Chaislean Nua Thiar, Co. Luimnigh i 1941. Ba Luimnigh iad a thuismitheoiri. Peinteir ba ea a athair; bean ti ba ea a mhathair. Bhi ochtar clainne orthu agus ba e Micheal ba shine. D’fhreastail se ar Scoil Ide, sa Chaislean Nua Thiar agus bhi se ar Cholaiste na hOllscoile, Baile Atha Cliath ar feadh bliana acaduil amhain (1962-1963) ag deanamh staideir ar an bhfealsunacht agus ar an loighic. Chaith se na seascaidi i Londain, sa Spainn agus i mBaile Atha Cliath. O 1974 go dti 1984 bhi conai air i gCo. Luimnigh aris (lasmuigh de shealanna gairide sna Stait Aontaithe idir 1974 agus 1982) ach ta se i mBaile Atha Cliath o 1985 i leith. Ar na poist a bhi aighe luann se: obair pheinteara, sclabhai cistine, statseirbhiseach, giolla teileafoin, leachtoir pairtaimseartha i Thomond College, Plassey, Luimneach, leachtoir, Foras Riarachain Phoibli, Baile Atha Cliath. Ar ndoigh, is mar fhile agus mar aistritheoir is fearr aithne air.
Ta se ar na fili is bisiula in Eirinn. Scriobhann se sa Bhearla agus sa Ghaeilge.Ta breis is triocha leabhar filiochta curtha amach aige agus saibhrionn an tuiscint ata aige ar an litriocht sa da theanga a shaothar tri cheile. Thainig a chead chnuasach Bearla amach i 1968 ach sa seu leabhar uaidh i 1975 d’fhag se slan ag an mBearla ‘ to court the language of my people’. Ce go bhfuil roinnt mhaith scriofa aige sa Bhearla o shin ta Micheal tar eis an Ghaeilge a shaothru go duthrachtach mar is leir ar na bunleabhair fhiliochta a scriobh se agus na haistriuchain ata deanta aige. Ar a chnuasaigh fein ta: Adharca Broic (An Mhi: Gallery Press, 1978); An phurgoid (BAC: Coisceim, 1983); An Lia Nocht (BAC: Coisceim, 1985) agus eile. D’aistrigh se saothar le Nuala Ni Dhomhnaill agus Gabriel Rosenstock go Bearla agus saothar fili iasachta (San Juan de la Cruz agus Ferenc Juchasz) go Gaeilge, ach is docha gurbh iad na saothair is mo a tharraing aird ar a chuid oibre aistriuchain na leaganacha Bearla de shaothar fhili mora na Gaeilge ata deanta aige: O’Bruadair (An Mhi: Gallery Press, 1985) agus Haicead (An Mhi: Gallery Press, 1993). Leirionn saothar na bhfili seo na treithe is mo a shamhlaitear lena shaothar fein: an bhraistint go bhfuil an saol as alt agus uabhar agus neamhspleachas an fhile agus e ag cur sios air seo.
|