Print Print this Page

Rosenstock, Gabriel



Rugadh i gCill Fhionain, Co. Luimnigh e sa bhliain 1949. Dochtuir agus scribhneoir as Schleswig-Holstein ba ea a athair. Banaltra as Cnocan Fhaobhair, contae na Gaillimhe ba ea a mhathair. Ba eisean an triu duine den seisear clainne a bhi orthu agus an chead duine acu a rugadh in Eirinn. D’fhreastail se ar Mount Sackville, Rinn Mhic Gormain; Carraig an Tobair agus ina dhiaidh sin ar Cholaiste na hOllscoile Corcaigh. Bhi se ar fhili Innti ansin.

Thug se tamall leis an sraith teilifise ‘ Anois is Aris’ ar RTE, tamall le Anois. Ta se ag obair sa Ghum faoi lathair. Bhi se ina Chathaoirleach ar Poetry Ireland/Eigse Eireann agus is iomai duais liteartha ata buaite aige: sparantachtai on gComhairle Ealaion agus an Irish-American Cultural Foundation Award ina measc.

Ce go bhfuil se tar eis lui isteach ar an bpros, ar an dramaiocht agus ar an aistriuchan le deanai is mar fhile is fearr aithne ag an bpobal mor air. Ba e an chead duine de ghluin Innti a chur leabhar amach, saothar a bhi ur spreaguil ag an am Suzanne sa seomra folctha (BAC: Clodhanna Teo., 1973). Is e, gan amhras, an scribhneoir is raidhsiula da bhfuil suas agus niorbh fheidir a shaothar uile a thabhairt anseo. Foilsiodh rogha da shaothar faoin teideal Rogha Rosenstock (Gaillimh: Clo Iar-Chonnachta, 1994). Cuireadh amach caisead den teideal ceanna sa tsraith ‘Guth an Ealaiontora’ mar chompanach leis an leabhar sin. Bhi roghnu niba fhairsinge le fail in Oraisti (Gaillimh: Clo Iar-Chonnachta, 1991).

I 1993 foilsiodh Ni mian lei an fhiliocht nios mo (Gaillimh: Clo Iar-Chonnachta, 1993) lenar dhearbhaigh Gabriel nach scriobhfadh se a thuilleadh filiochta agus go raibh se chun diriu ar genres eile. Cheana fein bhi ardchail air mar aistritheoir. D’aistrigh se rogha de shaothar Peter Huchel on nGearmainis in An Spealadoir Polannach (BAC: Comhar, 1994), mar shampla.