Seoighe, Mainchin
|
Rugadh e i mBaile Thancaird, Cill Mocheallog, Co. Luimnigh i 1920. Bhi feirm bheag ag a athair; ba ghunadoir i a mhathair. Ba as Co. Luimnigh da bheirt tuismitheoiri. Bhi triur clainne orthu agus ba e Mainchin an duine ba shine. D’fhreastail se ar Scoil na mBraithre Criostai sa Rath, Co. Chorcai. Bhronn Ollscoil Naisiunta na hEireann Dochtuireacht Oinigh air i 1990. Chaith se a shaol oibre ag obair do Chomhairle Chontae Luimnigh go dti gur eirigh se as i 1985. Ta conai air san ait inar rugadh e. Ta saineolas aige ar an stair aitiuil, ar leann na Gaeilge agus ar an dinnseanchas.
Ta dha fhoilseachan deag i gclo ag Mainchin sa Ghaeilge agus sa Bhearla, ina measc Maraiodh Sean Sabhat areir (BAC: Sairseal & Dill, 1964) agus Cois Maighe na gCaor (BAC: Foilseachain Naisiunta Teoranta, 1965), dha leabhar a roghnaigh an Club Leabhar. Ta se ag scriobh a chuimhni cinn sa Ghaeilge faoi lathair.
|