|
Rugadh Eithne Strong i nGleann na Searbh Ull, Ardacha, Co. Luimnigh i 1923. Muinteoiri ba ea a tuismitheoiri Sean O Conaill agus a bhean, Caitlin (nee Ni Lionain) as cathair Luimigh. D’fhreastail si ar Scoil Mhuire, Inis Co. an Chlair agus ar Cholaiste na Trionoide, Baile Atha Cliath ait ar ghnothaigh si ceim sa Ghaeilge agus sa Bhearla agus Ardteastas san Oideachas. Chuaigh roinnt daoine i gcion uirthi le linn a treimhse sa cholaiste, ina measc Mairtin O’Cadhain, Mairtin O’Murchu, An tUrr. Terence McCaughey, an tSiuir Columba, David Norris, an tOll. Walton. Chaith si fein agus an file Rupert Strong a raibh si posta leis a saol i gcomhluadar scribhneoiri agus ealaiontoiri an chuid ba mo den am. O 1942 ta conai uirthi i mBaile Atha Cliath.
Ba mhuinteoir dara leibheal i o 1975 go dti 1988. Ta si ag saorirseoireacht o 1968 i leith. Scriobhann Eithne sa Bhearla agus sa Ghaeilge. Foilsiodh scata cnuasach filiochta lei sa Bhearla ach is e rogha an tsaothair seo na Spatial nosing: new and selected poems (BAC: Salmon-Poolbeg, 1993). Foilsiodh dha ursceal Bhearla lei, agus cnuasach amhain gearrscealta. Ta a saothar le fail san iliomad diolaimi agus foilseachan – gach rud o Aquarius 12 faoi eagarthoireacht Eddie Linden i Londain go dti an North Dakota Quaterl (Geimhreadh 1989). Tugadh cuireadh did an a sholathar son lamhscribhinn Leabhar Mor Chlais an Ghainimh.
Ta ceithre chnuasach da cuid filiochta Gaeilge foilsithe ag Coisceim i mBaile Atha Cliath: Cirt oibre (1980); Aoife faoi ghlas (1990): An Sagart Pinc (1990) agus Fuill agus fallai (1993).
|